OÉ Gaillimh i measc phríomhbhuaiteoirí PRTLI 5 le maoiniú € 60m

Fri 16th Jul 2010

OÉ Gaillimh i measc phríomhbhuaiteoirí PRTLI 5 le maoiniú € 60m

OÉ Gaillimh ar cheann de na 3 ollscoil is mó a fuair maoiniú taighde
Os cionn € 60m tugtha do chlár caipitil agus taighde
3 fhoirgneamh nua maoinithe ar chostas € 50m
14 thionscal OÉ Gaillimh san iomlán maoinithe


D’fhógair an Taoiseach, an tUasal Brian Cowan T.D. inniu (Dé hAoine, an 16 Iúil) go raibh OÉ Gaillimh i measc trí bhuaiteoir mhóra PRTLI 5 - an Clár Taighde in Institiúidí Tríú Leibhéal - a fuair os cionn € 60 milliún i maoiniú taighde.

I measc na dtionscadal OÉ Gaillimh a fuair maoiniú inniu tá trí fhoirgneamh nua taighde den scoth, Foirgneamh Taighde sna Dána, sna Daonnachtaí agus sna hEolaíochtaí Sóisialta agus dhá fhoirgneamh atá dírithe ar an Taighde Eolaíochta Bithleighis, ar chostas iomlán € 50 milliún.

Beidh timpeallacht uathúil taighde a chruthú ag an bhFoirgneamh Taighde sna Dána, sna Daonnachtaí agus sna hEolaíochtaí Sóisialta. Leis an bhFoirgneamh seo beimid in ann acmhainní saibhre cultúrtha na Gaillimhe a úsáid chun taribhe an phobail agus na heacnamaíochta. Acmhainn náisiúnta agus idirnáisiúnta a bheidh san fhoirgneamh nua a chuirfidh taighde agus oiliúint ar fáil sna Daonnachtaí, Cultúir Dhigiteacha, Tionscail Chruthaitheacha, Gnó, Eolaíochtaí Sóisialta, Cearta, Abhcóideacht, agus Beartas Poiblí le chéile.

Leis an dá fhoirgneamh nua do thaighde eolaíochta leighis, a fuair maoiniú faoin téama ’Advancing Medicine through Discovery’, beidh OÉ Gaillimh in ann cur lena láidreachtaí i réimse na heolaíochta innealtóireachta bithmhíochaine, a bunaíodh tríd an Ionad Náisiúnta um Eolaíocht Innealtóireachta Bithmhíochaine (NCBES). San fhoirgneamh atá beartaithe beidh dhá áis nua, Foirgneamh Taighde sna Bitheolaíochtaí ar an bpríomhchampas, agus Áis Taighde Aistrithigh, ina mbeidh foirne taighde bunúsacha, aistritheacha agus cliniciúla ar láthair Ospidéal na hOllscoile, Gaillimh.

Tá tábhacht le scéala an lae inniu don réigiún agus don tír mar go bhfeabhsóidh sé an t-ionad taighde sna heolaíochtaí bithleighis in OÉ Gaillimh, atá lonnaithe i gcroílár thionscal na bhfeistí leighis agus cúram sláinte in Éirinn. Feabhsóidh an áis nua cumas náisiúnta agus seasamh idirnáisiúnta na hÉireann i réimse na heolaíochta innealtóireachta bithleighis.

Rud a chuirfidh go mór leis an oideachas iarchéime, fuair OÉ Gaillimh maoiniú do dhá chlár nua struchtúrtha PhD, ar chostas iomlán € 7m. I gclár nua oideachais iarchéime san Innealtóireacht Bhithmhíochaine agus sa Leigheas Athghiniúnach, lena n-áirítear comhpháirtithe idirnáisiúnta agus comhpháirtithe i dtionscal na bhFeistí Leighis, gheobhaidh céimithe oiliúint le bheith ina gceannairí Taighde & Forbartha agus ina gceannaire forbartha táirgí sa tionscal.

Beidh an bhéim sa dara clár PhD i dtaighde cliniciúil agus aistritheach bithleighis ar thaighde a bheidh dírithe ar othair agus ar ghalair, chun eolaithe a sholáthar atá oilte chun fionnachtana a úsáid go cliniciúil agus ar an margadh.

Tá OÉ Gaillimh ina comhpháirtí i dtionscadail eile a fuair maoiniú, cosúil leis an gclár struchtúrtha PhD sna Dána Digiteacha agus sna Daonnachtaí atá ceangailte leis an bhFoirgneamh nua Taighde sna Dána, sna Daonnachtaí agus sna hEolaíochtaí Sóisialta.

D’fháiltigh an Dr James J. Browne, Uachtarán OÉ Gaillimh, roimh an dea-scéala: "Tá an-áthas orm fáilte a chur roimh an infheistíocht mhór seo, rud a léiríonn tacaíocht láidir do ghníomhaíochtaí taighde OÉ Gaillimh. Aitheantas é chomh maith ar obair Fhondúireacht na hOllscoile agus a deontóirí, a bhfuil cómhaoiniú aimsithe acu do na mórthionscadail a fógraíodh inniu. Is mór an onóir an maoiniú a bheith roinnte ar thionscadail sna hEolaíochtaí Leighis agus sna Daonnachtaí agus Eolaíochtaí Sóisialta.”

“Is iontach an scéala é seo do OÉ Gaillimh agus d’earnáil an ardoideachais agus do thionsclaíocht na hÉireann. Is léiriú soiléir fógra an lae inniu ar thacaíocht an Rialtais do gheilleagar an eolais. Beidh tionchar dearfach ag infheistíocht sa bhonneagar taighde ar fud na tíre ar phoist a bhfuil géarghá leo a mhealladh chuig tionscal na tógála.

Má dhírítear acmhainní ar eolaíocht bhithleighis agus ar thaighde sna dána, sna daonnachtaí agus sna heolaíochtaí sóisialta in OÉ Gaillimh beidh an-tionchar aige seo ar thionscal na dteicneolaíochtaí leighis agus na n-ealaíon cruthaitheach in Iarthar na hÉireann. Tá an deis againn anois dhá earnáil a sholáthar i dtionscal na hÉireann le réitigh chuí taighde den scoth a chur ar fáil. Cruthóidh na réitigh seo iomaíocht dhomhanda sna réimsí ina raibh ceannaireacht againn iontu in Éirinn go dtí seo.”

Críoch

Údar: Press Office, NUI Galway
Tuilleadh eolais:

Féach ar an nuacht ar fad

An oifig preasa

E infoat imagenuigalway.ie
T +353 (0)91 493361

Ball den Phreas?

Follow, join, & share

Tar linn ar Facebook

Bookmark and Share