Eolas Ginearálta maidir le Dianchúrsaí Gaeilge do Dhaoine Fásta

Tá tacaíocht iomlán na rannpháirtithe riachtanach leis an tairbhe is fearr a bhaint as an gcúrsa. Is trí Ghaeilge a reáchtáiltear gach uile ghné den chúrsa idir theagasc, imeachtaí sóisialta, lóistín srl.

Le háit a chinntiú ar an gcúrsa, ní mór na foirmeacha iarratais mar aon leis an éarlais chuí a bheith ar ais trí seachtaine roimh thús an chúrsa. Éarlais €200 nach n-aisíocfar (€100 táille lóistín san áireamh) agus a bhainfear as táille an chúrsa ag an gclárú. Is in euro a íocfar na táillí agus na héarlaisí. Íocfar fuílleach na dtáillí ar an gcéad mhaidin den chúrsa.

*Tá sé de cheart ag OÉ Gaillimh aon chúrsa a chur ar ceal de bharr easpa éilimh. Aisíocfar na héarlaisí sa chás sin.

Lóistín

Má tá lóistín uait cuirtear lóistín iomlán (Bricfeasta, Lón, Dinnéar 3 chúrsa) ar fáil i dtithe príobháideacha nua–aimseartha an cheantair, le teaghlaigh a labhraíonn Gaeilge. Tugtar an-deis an teanga a shaibhriú, a shealbhú agus a bhuanú, agus éiríonn le go leor daoine líofacht a bhaint amach ar an gcaoi seo.

Táille Lóistín:

Cúrsa seachtaine:

  • €205.00: Ag roinnt seomra (le rannpháirtí amháin eile)
  • €280.00: Seomra Singil

Cúrsa coicíse:

  • €455.00: Ag roinnt seomra (le rannpháirtí amháin eile)
  • €635.00: Seomra Singil 

Ó oíche Dhomhnaigh (an suipéar san áireamh) go dtí tráthnóna Aoine (an lón san áireamh).
Costas lóistín le híoc le Bean an Tí.

Foirmeacha iarratais & tuilleadh eolais

An Rúnaí,
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge,
An Cheathrú Rua,
Co. na Gaillimhe.

T: 091 494600
R: cursaigaeilge@oegaillimh.ie

Is féidir cliceáil anseo chun iarratas ar líne a dhéanamh.

Seirbhísí  
Ionad Sláinte na Ceathrún Rua 091–595202
An Dr Peter Sloane 091-595200
An Garda Síochána 091-595102
An Chógaslann (Tigh Agatha) 091-595168
Hacnaithe  
PJ Ó Cualáin 087-2536426
Peadar Óg Ó Cualáin 087-2323708
Patrick Flaherty 087-1332943


Tá ATM de chuid Bhanc Aontas Éireann sa siopa Eurospar. Ba phlean maith é na fearais seo a leanas a thabhairt leat agus tú ag teacht; éadaí báistí, bróga siúil, banda/seaicéad fluaraiseach, tóirse, foclóir, uirlis cheoil.