Ionad an Acadaimh, Carna

Sa bhliain 1998 a cuireadh síol Ionad Gaeltachta an Acadaimh i gCarna nuair a bunaíodh Áras Shorcha Ní Ghuairim. D’ainmnigh an Ollscoil an tÁras in ómós do bhean áitiúil, Sorcha Ní Ghuairim (1911-1976), a chaith a saol ag cur na Gaeilge agus an chultúir dhúchasaigh chun cinn. Tá an tIonad suite sa cheantar is mó clú agus cáil in Éirinn ó thaobh na hamhránaíochta ar an sean-nós de. Tá deiseanna ar leith anseo dá bhrí sin an Ghaeilge a shealbhú agus a shaibhriú i dtimpeallacht nádúrtha teanga ina bhfuil an traidisiún Gaelach á roinnt ó ghlúin go glúin.  Tá an ré ársa agus an ré dhigiteach fite fuaite in obair an Ionaid agus cúrsaí béaloidis ag leibhéal 7 á dtairiscint ar an Idirlíon. Tá stórchiste de chartlanna á ndigitiú san Ionad, ar mhaithe le hacmhainní taighde agus foghlama comhaimseartha a chur ar fáil.  Tá dlúthcheangal ag an Ionad leis an bpobal áitiúil, mar a léirítear go rialta le linn na dtaispeántas ar na healaíona dúchasacha agus sna cuairteanna ar láithreacha oidhreachta áille Chonamara.

Ionad an Acadaimh, Carna - Treoracha


Ionad an Acadaimh, Carna - Turas 360°

Teagmháil

Teagmháil

Ionad an Acadaimh, Carna

Carna, Co. na Gaillimhe, Éire. T: +353 91 494656

R: carna@oegaillimh.ie