An Scéal is deireanaí
Gach Máirt
Bíonn an clár Caoi Cainte le mic léinn Cumarsáide an Acadaimh le cloisteáil ar Flirt FM idir 1:00 - 2:00 pm. Is féidir éisteacht leis ar an nasc seo.
Is féidir éisteacht siar leis na cláir atá déanta roimhe seo ar an nasc seo - www.mixcloud.com/caoicainte/
Dé hAoine, 16 Aibreán 2021
Léacht um Lón, Earrach 2021 - Ár Ré Dhearóil - Géarchéimeanna Eacnamaíochta ó Phaindéim 1918 go Paindéim COVID 19.
An tOllamh Cormac Ó Gráda, Eacnamaíocht, Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath
Léachtaí um Lón Earrach 2021 - i bhfoirm PDF
Dé hAoine, 23Aibreán 2021
Léacht um Lón, Earrach 2021 - Scéal na hIomána trí Lionsa
Paul Rouse, Scoil na Staire, Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath
Dé hAoine, 30Aibreán 2021
Léacht um Lón, Earrach 2021 - Cúlbhealaí chun na Síochána i dTuaisceart na hÉireann
Niall Ó Dochartaigh, Scoil na Polaitíochta agus na Socheolaíochta, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh
GAIRM AR PHÁIPÉIR: SAOTHAR BHREANDÁIN UÍ EITHIR
SEIMINEÁR FÍORÚIL LAE
Tá sé i gceist ag Cló Iar-Chonnacht, i gcomhar le OÉ Gaillimh, athchuairt chriticiúil a thabhairt ar shaothar Bhreandáin Uí Eithir (1930-1990) ag seimineár fíorúil lae Dé hAoine, an 24 Meán Fómhair 2021.
Eagrófar roinnt seisiún léachtaí agus painéal plé ag seimineár gréasáin ar an 24 Meán Fómhair. Cuirfear fáilte roimh thairiscintí páipéir (20-25 nóiméad) ar théamaí agus ábhair a bhaineann le gné ar bith de shaothar Bhreandáin Uí Eithir. Tá sé i gceist ag Cló Iar-Chonnacht cnuasach aistí a fhoilsiú bunaithe ar imeachtaí an tseimineáir. Is féidir teideal, achoimre ghairid (150 focal) agus sonraí teagmhála a sheoladh chugainn roimh an 1 Meitheamh 2021.
Tuilleadh eolais anseo nó seol rphost chuig:
Mícheál Ó Conghaile: moccic22@outlook.com
Dónall Ó Braonáin: donall.obraonain@oegaillimh.ie
Gairm ar Pháipéir: Saothar Bhreandáin Uí Eithir - i bhfoirm PDF