An BA sna Dána (Gaeilge Fheidhmeach)
Key facts
Entry requirements
Fáilteofar roimh iarratais ó dhaoine a bhfuil Gaeilge ar a dtoil acu. Beidh grád C3 (ardleibhéal) sa Ghaeilge riachtanach. Sásaíonn sé sin gnáthriachtanais iontrála na hOllscoile. Is féidir le hiarratasóirí a bhíonn os cionn 21 bliain d’aois an 1 Eanáir den bhliain iontrála, iarratas a dhéanamh mar fhoghlaimeoirí lánfhásta. Sa chás seo, ní gá go mbeadh an Ardteist riachtanach. Cuirfear iarratasóirí faoi agallamh agus bunófar an toradh ar chumas cumarsáide an iarratasóra san agallamh sin
Duration:
Cúrsa páirtaimseartha thar cheithre bliana
Next start date: Meán Fómhair 2011
ECTS weighting: 180
Average intake: 60
NFQ level: (Leibhéal Dioplóma): 7, (Leibhéal Céime): 8
Foghlaim Chumaiscthe
Course overview
Is céim nua í seo sa Ghaeilge Fheidhmeach. Tá sí á tairiscint i gcomhpháirt ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge agus ag Roinn na Gaeilge in Ollscoil na hÉireann Gaillimh. Is é seo an t-aon chlár dá leithéid in Éirinn ina bhfuil céim sa Ghaeilge á tairiscint trí mheán na foghlama cumaiscthe. Is é aidhm na céime spéis an mhic léinn i léann agus i saol na Gaeilge a mhúscailt agus a threisiú agus oiliúint ar ardchaighdeán a chur ar an mac léinn sna réimsí seo. Beidh modh seachadta an chúrsa solúbtha ionas nach gcuirfear ualach míréasúnta taistil ar dhaoine.
Course outline
|
Imlíne de na modúil |
|
Bliain 1: Cruinneas na Gaeilge, Scileanna Staidéir, An Prós Comhaimseartha, Stair na Meán Gaeilge, Caitheamh Aimsire agus Siamsaíocht na nDaoine, An Ghaeilge i saol na tíre, Uirlisí an Aistriúcháin agus na Téarmaíochta, An Scríbhneoireacht Acadúil Bliain 2: Cruinneas na Gaeilge, Litríocht chomhaimseartha na Gaeilge, Na hEalaíona Traidisiúnta, Stair an Aistriúcháin, Forbairt Phobail Bliain 3: Cruinneas na Gaeilge, Litríocht thraidisiúnta na Gaeilge, Aistriúchán Feidhmeach Téacsanna, Teicneolaíochtaí na Meán Bliain 4: Cruinneas na Gaeilge, Litríocht na hImirce, Eagarthóireacht agus Léamh Profaí, An tSochtheangeolaíocht, Togra taighde Déanfar an clár a theagasc trí fhoghlaim chumaisc ar bhonn modúlach. Tabharfar deis d’fhoghlaimeoirí a gclár ama agus a n-ualach oibre a chur in oiriúint dá stíl mhaireachtála agus d'aon tiomantais eile a bheidh orthu ó thaobh ama de. Cuirfear ábhar priontáilte agus ábhar ar-líne ar fáil do gach modúl. Tabharfaidh na teagascóirí tacaíocht agus aiseolas dóibh ag seisiúin éagsúla aghaidh-ar-aghaidh. Tabharfaidh siad tacaíocht agus aiseolas ar-líne freisin trí úsáid a bhaint as ríomhphost agus fóraim phlé mar mhalairt air sin.
Na hionaid ina mbeidh na ranganna teanga ar siúl go seachtainiúil (ag brath ar éileamh):
Campas na hOllscoile, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe. Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Páirc Ghnó an Údaráis, Gaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall. Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Carna, Co. Na Gaillimhe Inis Cora Droma Rúisc Caisleán an Bharraigh Ráth Cairn Béal Feirste Baile Átha Cliath Ciarraí Ceatharlach |
Applications and selections
Tá an fhoirm iarratais ar fáil ag www.oegaillimh.ie/acadamh nó ag www.oegaillimh.ie/gaeilge.
Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar líne ach dul chuig nasc.
Requirements and assessment
Beidh ar mhic léinn freastal ar cheardlanna míosúla ar phríomhchampas na hOllscoile (tráthnóna Dé hAoine agus/nó Dé Sathairn). Caithfidh mic léinn a bheith páirteach i ndíospóireachtaí agus fóraim phlé ar-líne i rith na bliana acadúla uilig. Measúnófar na modúil uilig ar bhonn aonarach. De ghnáth bunófar na measúnaithe seo ar imeachtaí i rith an mhodúil chomh maith le haiste nó togra scríofa ag deireadh an tseimeastair
Find out more
Éamon Ó Cofaigh
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge
Ollscoil na hÉireann, Gaillimh
Gaillimh
Fón:+353 91 493802
R-phost: eamon.ocofaigh@oegaillimh.ie
Idirlíon: www.oegaillimh.ie/acadamh
Fiona de Paor
Roinn na Gaeilge
Ollscoil na hÉireann, Gaillimh
Gaillimh
Fón: +353 91 492564
R-phost: fiona.depaor@nuigalway.ie
Idirlíon: www.oegaillimh.ie/gaeilge
Fees for this course
EU (Total): €3055
Non-EU (Total): €3555
Mic léinn reatha
Lorna Siggins (Iriseoir leis an Irish Times)
Bhain mé an Dioplóma sa Ghaeilge amach bliain ó shin, agus mar sin táim an-sásta go mbeidh céim pháirtaimseartha ar fáil anois. De bharr gur céim pháirtaimseartha í, beidh mé ábalta coinneáil suas leis an obair go léir agus mé ag leanúint ar aghaidh le mo chuid oibre féin. Fáiltím roimh an gcéim nua seo, agus táim ag tnúth go mór len í a thosú.
