MA/Dioplóma Iarchéime (Léann Teanga)—lánaimseartha
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge
Key facts
Entry requirements
Bunchéim Dara hOnóracha, Grád 2 ag leibhéal 8, nó Dara hOnóracha, Grád 2 i gclár iarchéime i réimse gaolmhar.
Is féidir le hiarrthóirí nach bhfuil na cáilíochtaí acadúla cuí acu, ach a bhfuil ar a laghad cúig bliana de thaithí ghairmiúil acu i réimse gaolmhar d'earnáil na teanga iarratas a dhéanamh faoi chóras na hOllscoile d’Aitheantas don Réamhfhoghlaim (RPL).
Is gá d’iarrthóirí Stiúrthóir Acadúil an chúrsa a shásamh go bhfuil cumas dóthanach acu sa Ghaeilge chun tabhairt faoin gcúrsa.
Duration:
Bliain amháin
Next start date: Meán Fómhair 2012
ECTS weighting: 90
Average intake: 20.
Closing date: Spriocdhátaí
Course overview
Course outline
Aistriúchán: Sna modúil a bhaineann leis an sainábhar seo, scrúdófar na modhanna is éifeachtaí chun téacsanna a aistriú go Gaeilge. Cíorfar na cineálacha téacsanna is mó a mbíonn aistritheoirí gairmiúla ag plé leo ar an aimsir seo mar aon le cuid de na dúshláin is suntasaí a bhaineann leis an nGaeilge mar sprioctheanga aistriúcháin. Cuirfear oiliúint ar na mic léinn freisin i dteicneolaíocht an aistriúcháin chun go mbeidh ar a gcumas aghaidh a thabhairt ar an margadh fostaíochta agus na scileanna riachtanacha teanga agus ríomhaireachta/teicneolaíochta araon sealbhaithe acu. Bronnfar cáilíocht EMT (European Masters in Translation) freisin ar na mic léinn a dhéanann modúil uile an tsainábhair seo.
Ardscileanna Teanga: Sna modúil a bhaineann leis an sainábhar seo, déanfar staidéar ar na réimeanna éagsúla scríbhneoireachta a éilíonn ardchumas teanga, eadhon an scríbhneoireacht ghairmiúil, acadúil agus chriticiúil. Beidh eolas ag na mic léinn ar ghramadach agus ar shaibhreas na Gaeilge scríofa, agus déanfar cúram freisin de na scileanna a theastaíonn le cur i láthair gairmiúil a dhéanamh ó bhéal trí úsáid a bhaint as ardréim teanga.
An Phleanáil Teanga: Sna modúil a bhaineann leis an sainábhar seo, scrúdófar na coincheapa agus na beartais is nua-aimseartha sna réimsí éagsúla a thagann faoi scáth na pleanála teanga: an tsochtheangeolaíocht; an teangeolaíocht; an phleanáil straitéiseach. Tá an sainábhar seo dírithe ar dhaoine a bhfuil spéis acu i gcúrsaí teanga agus sna bealaí éagsúla is féidir dul i bhfeidhm ar phobail teanga d’fhonn spriocanna sainiúla a bhaint amach. Breathnófar go mion ar ghnéithe a bhaineann leis an bpleanáil teanga sa chomhthéacs náisiúnta agus idirnáisiúnta.
Applications and selections
Who teaches this course?
Dorothy Ní Uigín PhD
Jeannine Woods PhD
Áine Nic Niallais MLitt
Séamus Ó Coileáin MPhil
Niall Mac Uidhilin MSc
Rose Ní Dhubhda MSc
Laoise Ní Thuairisg MA
Belinda McHale MA
Lisa Ní Fhlatharta MA
Eoin Ó Droighneáin MA
Requirements and assessment
Find out more
Eoin Ó Droighneáin
An tAonad Aistriúcháin agus Ateangaireachta
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge
Ollscoil na hÉireann Gaillimh
Guthán +353 91 869858
R-phost: leannteanga@oegaillimh.ie
Suíomh: www.oegaillimh.ie/acadamh
Conchúr Ó Giollagáin,
Aonad na Pleanála Teanga,
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge,
Ollscoil na hÉireann Gaillimh.
Guthán: +353 91 595101
R-phost: leannteanga@oegaillimh.ie
Suíomh: www.oegaillimh.ie/acadamh
Dorothy Ní Uigín
Aonad na Gaeilge Feidhmí
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge
Ollscoil na hÉireann Gaillimh
Guthán: +353 91 493493
R-phost: leannteanga@oegaillimh.ie
Suíomh: www.oegaillimh.ie/acadamh

