Warning: Your browser doesn't support all of the features in this Web site. Please view our accessibility page for more details.
Fáilte go láithreán Gréasáin Roinn na Gaeilge,
Scoil na dTeangacha, na Litríochta agus na gCultúr.
Tairgeann an Roinn cúrsaí a thugann deis do mhic léinn iad féin a chur chun cinn i dteanga agus i gcultúr na Gaeilge. Tig leis an mac léinn cur lena (h)ábaltacht ar labhairt agus ar scríobh na teanga, i dteannta le heolas a fháil ar chultúr na Gaeilge féin.
Is duine den chomhluadar Gaelach é an mac léinn ó leagfaidh sé/sí cos thar thairseach Áras na Gaeilge, áit a labhraítear an Ghaeilge go gnáthúil.
Tá an Ollscoil seo suite ar bhruach na Gaeltachta agus le cuidiú le mic léinn tamall a chaitheamh sa Ghaeltacht sin, tairgeann Bord na Gaeilge, OÉ, Gaillimh, scoláireachtaí gach bliain do mhic léinn le tréimhsí a chaitheamh thiar ar an gCeathrú Rua.
Cuireann Oifig na Gaeilge Labhartha cúrsaí speisialta ar siúl faoi Cháisc agus sa samhradh do mhic léinn na Gaeilge, in Ionad an Acadaimh: An Cheathrú Rua.
Tugtar deis agus cabhair ar leith sna cúrsaí seo d'fhochéimithe na Gaeilge feabhas a chur ar labhairt agus ar scríobh na teanga féin. Tá ionad agus áiseanna le haghaidh staidéir ar fáil san áras seo freisin. Glacann Roinn na Gaeilge leis go rachaidh mic léinn na Gaeilge chun na Gaeltachta agus go ndéanfaidh siad freastal ar na cúrsaí seo i gcaitheamh a dtréimhse san Ollscoil.
06.10.09: Maoiniú breise do Thionscadal Siollabais |
|
Bhronn Foras na Gaeilge €64,700 ar an Meitheal um Theagasc na Gaeilge ar an Tríú Leibhéal chun Céim a Dó dá Tionscadal Siollabais a fhorbairt. Is é an Dr. John Walsh, Roinn na Gaeilge a bhunaigh an Mheitheal i gcomhar leis an Dr. Máirín Nic Eoin, Roinn na Gaeilge, Coláiste Phádraig. Tá sé d’aidhm ag an Tionscadal siollabas agus acmhainní teagaisc a fhorbairt don Ghaeilge ar an tríú leibhéal. Foilsíodh Céim a hAon den Tionscadal i Meán Fómhair 2009 agus tá sé ar fáil ar
http://www.teagascnagaeilge.ie/
|
Bronnadh dámhachtainí Fulbright ar thriúr a bhfuil baint acu le Roinn na Gaeilge.Beidh an Léachtóir le Gaeilge
an Dr. John Walsh ina Scoláire Gaeilge Fulbright in Ollscoil California, Santa Cruz, don bhliain acadúil 2009-2010. Beidh Hugh Rowland, MA agus Mícheál Ó Leidhin, BA, ar céimithe de chuid Roinn na Gaeilge iad beirt, ina dteagascóirí Gaeilge in ollscoileanna in Kansas agus Montana faoi seach. Bronnadh na dámhachtainí ar an triúr ag ócáid i gCaisleán Bhaile Átha Cliath le déanaí.I láthair ag an ócáid chomh maith bhí Molly Hester atá ag gabháil den MA sa Nua-Ghaeilge i mbliana agus ar scoláire Fulbright i mbliana í. Breis eolais ar fáil anseo.
Scoláirí agus teagascóirí Gaeilge Fulbright.
Ar chúl, ar dheis: Mícheál Ó Leidhin, ar chlé uaidh An Dr. John Walsh agus ar chlé uaidh sin arís Hugh Rowland. Tá Molly Hester chun tosaigh ar chlé.
Tá Roinn na Gaeilge ag tairiscint dhá chomhaltacht dochtúireachta teagaisc ag tosú sa bhliain acadúil 2009-2010, ar luach €15,000 sa bhliain go ceann ceithre bliana. Breis eolais anseo.
Bhí an-deireadh seachtaine ag lucht an Bhéaloidis in Áras Shorcha Ní Ghuairim i gCarna an deireadh seachtaine 21/22 Feabhra. Comhfhiontar idir Roinn na Gaeilge agus Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge a bhí i gceist agus ba é seo an dara bliain de. Chuaigh mic léinn 1BA, 2BA, 3BA agus an rang
MA sa Nua-Ghaeilge siar go Carna tráthnóna Dé hAoine. Bhí léacht ón amhránaí agus an scoláire aitheanta, Peadar Ó Ceannabháin ann oíche Aoine ar fhilí an cheantair. Dé Sathairn chuaigh an slua siar go Cloch na Rón chuig Ionad
Folding Landscapes
le Tim agus Mairéad Robinson. Chuir na Robastúnaigh fáilte chroíúil roimh an slua agus léigh Tim sliocht faoin gCaptaen Ó Máille ón leabhar is deireanaí leis
Connemara: The Last Pool of Darkness.
Caitheadh lón i gCloch na Rón agus ar ais linn arís go Carna, mar a raibh roinnt d’amhránaithe an cheantair bailithe le seisiún seanchais agus amhrán a chur ar fáil, seisiún ar éirigh go breá leis. Bhí léacht eile den scoth ina dhiaidh ó Chóilín Ó hIarnáin ar húicéirí Chonamara. D’éirigh thar barr leis an deireadh seachtaine. Bhí gach duine fíorbhuíoch do Shéamas Ó Concheanainn a rinne na socruithe i gCarna. Mar a dúirt duine amháin a d’fhreastail air, “An €30 is fearr a chaith mé riamh!”
Sa phictiúr: Méadhbh Nic an Airchinnigh, iarrthóir PhD (ag casadh) agus Veronica Nic Laithbheartaigh, 2BA.
Tionóladh an chomhdháil bhliantúil seo in Áras na Gaeilge ar 17-18 Deireadh Fómhair 2008. Breis eolais anseo.
Bhronn Foras na Gaeilge €70,000 ar thionscadal áiseanna teagaisc Gaeilge a bhunaigh an Dr. John Walsh, Roinn na Gaeilge. Bronnadh an t-airgead sin ar an Meitheal um Theagasc na Gaeilge ar an Tríú Leibhéal, grúpa oibre a bhunaigh an Dr. Walsh i gcomhar leis an Dr. Máirín Nic Eoin, Coláiste Phádraig. Tá ionadaithe ó ollscoileanna agus institiúidí tríú leibhéal páirteach sa Mheitheal seo. Fostófar Bainisteoir Tionscadal chun an chéad chéim de shiollabas don Ghaeilge ar an tríú leibhéal a dhearadh agus a fhorbairt, le béim ar leith ar an gcéad bhliain. Beidh an Bainisteoir freagrach as dearadh agus forbairt áiseanna teagaisc agus foghlama chomh maith. Breis eolais ar fáil anseo.
Bhuaigh foireann agus mic léinn Roinn na Gaeilge duaiseanna i gcomórtais liteartha
Oireachtas na Gaeilge
a fógraíodh mí Dheireadh Fómhair. Bhuaigh Meadhbh Ní Eadhra, atá sa dara bliain den chéim BA sa Ghaeilge €3,000 dá húrscéal
Bláth Fiáin
sa chomórtas ’Ficsean do Dhaoine Óga’. Bhuaigh Niamh Seoighe, atá sa chéad bhliain, duais €200 i gcomórtas filíochta Sheáin Uí Ríordáin dá dán ’Ainbheithíoch’. Bronnadh duais €1,000 ar an leabhar
TG4
10: Deich mBliana de TG4/Ten Years of TG4 (Cló Iar-Chonnachta) sa chomórtas ’Cur chun cinn na Gaeilge’. B’iad an Dr. John Walsh agus an tOllamh Gearóid Denvir, Roinn na Gaeilge, a chuir an leabhar in eagar i gcomhar leis an Dr. Eithne O’Connell ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Bailiúchán aistí ar TG4 atá sa leabhar, a bunaíodh ar chomhdháil ar an gceist a reáchtáladh in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, dhá bhliain ó shin. Chomh maith leis sin, bhuaigh an Dr. John Walsh, Roinn na Gaeilge duais €1,000 i gcomórtas na pleanála teanga dá aiste ’Fál ar an nGort tar éis na Foghla? Reachtaíocht Teanga agus Athneartú Teanga in Éirinn’. Breis eolais
anseo.
nuigalway.ie
