Cúrsaí fochéime
Tairgeann Roinn na Gaeilge
ceithre chúrsa fochéime:
- - BA sa Ghaeilge
- - BA Ainmnithe (Gaeilge agus Léann an Aistriúcháin)
i gcomhar le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge
- - BA sa tSibhialtacht Cheilteach (Celtic Civilization)
- - BA sa Léann Ceilteach
BA sa Ghaeilge
Tugann an cúrsa seo deis do mhic léinn eolas a chur ar oidhreacht liteartha agus cultúrtha na nGael, líofacht a bhaint amach i labhairt na Gaeilge agus cruinneas ina scríobh agus teacht i dtír ar an méid Gaeilge a d'fhoghlaim siad ar scoil. Má tá Gaeilge ó dhúchas acu, gheobhaidh siad deis barr slachta a chur ar a gcuid eolais uirthi agus ar a hoidhreacht chultúrtha.
Struchtúr agus tráthchlár an chúrsa 2010-2011:
Foirm Chláraithe Aiste
Aistí
BA Ainmnithe (Gaeilge agus Léann an Aistriúchán)
Cuireann Roinn na Gaeilge an cúrsa seo ar fáil i gcomhar le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge.
Cód CAO: GY107
Tá an cúrsa seo á chur ar fáil mar gheall ar an méadú atá tagtha le tamall anuas ar an aistriúchán mar réimse léinn, gnó agus fostaíochta agus de bhrí go mbeidh tábhacht bhreise le cáilíochtaí agus scileanna aistriúcháin sa todhchaí. Tabharfar deis do mhic léinn sa chéim seo dhá ábhar a bhfuil gaol nádúrtha eatarthu – Gaeilge agus Léann an Aistriúcháin – a thabhairt le chéile faoi aon chéim ollscoile amháin. Breis eolais ar fáil
anseo.
BA sa tSibhialtacht Cheilteach
Tá faisnéis chuimsitheach ar an gcúrsa seo ar fáil sa rannóg
Sibhialtacht Ceilteach, ar an láithreán seo.
BA sa Léann Ceilteach
Faisnéis ar an gcúrsa seo le fáil ó Rúnaí na Roinne ag
fiona.depaor
oegaillimh.ie nó 091 492564.