Foireann Roinn na Gaeilge
Baill foirne agus réimsí taighde
An tOll. Gearóid Denvir, MA, PhD - Ar Saoire Shabóideach 2009-2010
Litríocht an 20ú haois idir fhilíocht, phrós agus litríocht Dhioscúrsúil; Litríocht an 19ú hAois; an litríocht bhéil; An tSochtheangeolaíocht; an chritic chultúrtha.
An Dr. Kicki Ingridsdotter, BA, MA, PhD (Uppsala)
An Oidhe (
aided) (mar sheánra) sa tSean-Ghaeilge; focleolaíocht na Luath-Ghaeilge; seachadadh téacsúil; modheolaíocht eagarthóireachta.
An Dr. Graham Isaac, MA, PhD (Ollscoil na Breataine Bige) - Ceann Roinne
Teangeolaíocht chomparáideach agus ghinearálta na dteangacha Ceilteach agus na hInd-Eorpaise; sean-teangacha Ceilteacha mhór-roinn na hEorpa; litríocht na Sean- agus na Meán-Bhreatnaise (go háirithe an fhilíocht); na meadarachtaí.
An tOll. Nollaig Mac Congáil, BA, PhD (QUB)
Canúineolaíocht; scríbhneoireacht na gConallach; litríocht réigiúnach; gramadach na Nua-Ghaeilge; bibleagrafaíocht; litríocht na Nua-Ghaeilge i bhfoirm aistrithe; irisí agus nuachtáin na Gaeilge.
An tOll. Micheál Mac Craith, MA, PhD
Litríocht an 17ú agus an 18ú haois; an tOisíneachas agus forás an Cheilteachais; an spioradáltacht dúchais; filíocht agus prós an 20ú haois.
Éadaoin Ní Mhuircheartaigh, BA, MA
An Nualitríocht: An Drámaíocht; An Litríocht Bhéil; Litríocht an 17ú haois.
An Dr. Donncha Ó hAodha, MA, PhD
Filíocht agus aistí filíochta na Sean- agus na Meán-Ghaeilge; aistriúcháin ón Laidin go Gaeilge.
An Dr. Lillis Ó Laoire, MA, ADO, PhD - Comhalta Taighde de chuid na Comhairle um Thaighde sna Dána agus sna hEolaíochtaí Sóisialta, 2009-2010
Comhthéacs, taibhléiriú agus cur i láthair an chultúir; teoiric léann an bhéaloidis; tionchar an náisiúnachais ar an bhéaloideas; modhanna bailithe an bhéaloidis; an béaloidis sa saol domhandaithe; an t-amhrán in Éirinn agus in Albain; an nualitríocht; an litríocht réigiúnach.
An Dr. Nollaig Ó Muraíle, MA, PhD
Logainmneacha; Ginealaigh; Ainmneacha Pearsanta agus Sloinnte; Na Teaghlaigh Léannta; Traidisiún na Lámhscríbhinní Déanacha; Saol agus Saothar na Scoláirí Móra.
An Dr. John Walsh, MA, PhD (DCU) - Scoláire Gaeilge Fulbright agus Saoire Shabóideach 2009-2010
Reachtaíocht teanga; polasaí agus pleanáil teanga i gcás na Gaeilge; meáin chumarsáide agus mionteangacha agus teanga agus forbairt shocheacnamaíoch.