Táillí Cúrsaí Fochéime
Baineann na táillí anseo thíos le cúrsaí fochéime lánaimseartha in OÉ Gaillimh agus clúdaíonn siad bliain acadúil amháin.
Táillí cúrsaí fochéime 2010/2011
Rialacháin Táillí
Aisíocaíochtaí
Féadfaidh OÉ Gaillimh táillí a aisíoc i gcásanna áirithe:
Ar chúiseanna sláinte:
Déan d’éileamh, ina mbeidh cuntas ar an gcás ina bhfuil tú, i scríbhinn, agus seol cruthúnas leighis chuig Colette Gill, Bainisteoir Oifig na dTáillí, Oifig na dTáillí, Áras Uí Chathail, OÉ Gaillimh.
Seolfar d’éileamh chuig an Stiúrthóir Cuntasaíochta Airgeadais, agus féadfaidh seisean do tháille a laghdú suas le 50% ag brath ar an bhfianaise leighis a cuireadh ar fáil.
Maireann an próiseas éilimh idir ceithre seachtaine agus sé seachtaine.
Má iarrtar ort clárú i mí Mheán Fómhair 2010, molaimid duit 50% den táille iomlán atá dlite a íoc agus plé le d’éileamh mar cheist ar leith.
Ar chúiseanna cruatain airgeadais:
Más mian leat iarratas a dhéanamh ar na táillí a íoc i ngálaí, ar tháillí a aistriú ó 2009/10 go 2010/11 nó do tháillí a laghdú, ba cheart duit scríobh chuig an gCoiste um Iasachtaí & Táillí Mac Léinn a dhéanann scrúdú ar chruatan airgeadais na mac léinn cláraithe.
Cuir cruthúnas ar fáil de d’achomharc (bunchóipeanna de ráitis bainc, de bhillí tí, d’admhálacha cíosa etc.) agus liosta den ioncam agus den chaiteachas atá agat mar aon le litir ina bhfuil cuntas ar d’achomharc.
Le clárú don bhliain acadúil 2010/2011, caithfidh tú íosíocaíocht de 50% de do tháillí iomlána a dhéanamh, mar aon le d’iarratas scríofa agus do phlean íocaíochta molta.
Seol an comhfhreagras chuig Colette Gill, Bainisteoir Oifig na dTáillí, Oifig na dTáillí, Áras Uí Chathail, OÉ Gaillimh.
Tagann an Coiste um Tháillí & Iasachtaí na Mac Léinn le chéile faoi thrí sa bhliain – idir lár agus deireadh mhí Dheireadh Fómhair, lár mhí Feabhra agus Aibreán.
Daoine a bhfuil deontas/scoláireacht acu
D’fhéadfadh daoine a bhfuil deontas/scoláireacht acu a bheith i dteideal aisíocaíochta ar an méid seo a leanas:
- an chéad ghála de na táillí a íocadh leis an CAO nó le OÉ Gaillimh,
- éarlais do chúrsa nó
- táillí nach táillí teagaisc iad.
Ní dhéanfar an t-aisíoc go dtí go mbeidh na riachtanais chláraithe ar fad comhlíonta agus/nó go mbeidh an táille iomlán faighte ag an Ollscoil ón údarás atá ag cur an deontais nó na scoláireachta ar fáil.
Ach má d’íoc tú éarlais ar chúrsa in OÉ Gaillimh ach nár chláraigh tú ar an gcúrsa sin, níl tú i dteideal aisíocaíochtaSonraí Bainc
Tá cuntas bainc ag Oifig na dTáillí ag:
Banc na hÉireann,
43, An Fhaiche Mhór,
Gaillimh,
Éire.
Íocaíochtaí le gíoró
Ba cheart go mbeadh táillí íoctha tríd an ngíoró bainc ó Oifig na dTáillí a thugtar do na mic léinn ar fad sula gcláraíonn siad.
Mura n-úsáideann tú ár ngíoró bainc d’fhéadfadh sé nach gcuirfí an íocaíocht i do chuntas mic léinn.
Íocaíochtaí ar líne
Is féidir do chuid táillí a íoc ar líne chomh maith trí SSR (Clárú Féinseirbhíse) le Cárta Dochair/Creidmheasa.
Le clárú ar líne, beidh siad seo a leanas de dhíth ort:
- D’uimhir mic léinn (ID Úsáideora)
- Do phasfhocal
- Leagan leictreonach de ghrianghraf díot féin ar féidir é a uaslódáil (i gcás mac léinn nua amháin)
Más mac léinn tú atá ag filleadh, cuirfear pasfhocal sealadach chuig do chuntas ríomhphoist OÉ Gaillimh.
Más mac léinn nua tú, tá pasfhocal sealadach sa Lámhleabhar Cláraithe do Mhic Léinn Chéadbhliana, 2010-2011.
Mic Léinn Idirnáisiúnta
Ba cheart an táille a íoc leis an gcuntas bainc seo a leanas. Luaigh d’uimhir aitheantais ina bhfuil ocht ndigit i ngach idirbheart.
Banc na hÉireann
43 An Fhaiche Mhór
Gaillimh
Éire
Uimhir Chuntais 28454143
Ainm an Chuntais: Ollscoil na hÉireann, Gaillimh
IBAN: IE43 BOFI 9038 1628 4541 43
Cód Sórtála: 90-38-16
Cód Swift: BofIIE2D
Nósanna Imeachta Cealaithe
Má tá tú ag fágáil OÉ Gaillimh
Má tá tú ag éirí as do chúrsa agus ag iarraidh do chlárúchán in OÉ Gaillimh a chur ar ceal, caithfidh tú teagmháil a dhéanamh leis an Oifig Iontrála agus an ’fhoirm um chlárú a chealú' a líonadh.
Mura n-íoctar táillí
Mura mbeidh an táille iomlán, táillí agus pionóis san áireamh, íoctha faoin 31 Eanáir 2011, cuirfear do chlárúchán agus d’iontráil scrúdaithe ar ceal.
Scéim Lamháltais don Fhoireann
Cuireann OÉ Gaillimh lamháltais ar tháillí ar fáil do chomhaltaí foirne agus dá gclann ar mian leo leanúint lena gcuid oideachais. Bíonn na lamháltais seo ag brath ar choinníollacha éagsúla; is féidir amharc ar na coinníollacha seo sa Bheartas um Lamháltas Táillí don Fhoireann.
Táillí Cúrsaí Iarchéime
Faigh amach cén costas atá ar an gclár a bhfuil spéis agat ann. Bíonn deiseanna maoinithe ar fáil freisin a chabhródh leat táillí teagaisc a íoc, dá mbeifeá incháilithe dóibh.
Táillí iarchéime
Chun tuilleadh eolais a fháil faoi tháillí AE agus faoi tháillí neamh-AE do chúrsaí teagaisc agus taighde iarchéime in OÉ Gaillimh, déan teagmháil go díreach le hOifig na dTáillí, le do thoil.
Mic léinn AE
Is é an sainmhíniú a thugtar ar mhac léinn AE náisiúnach AE (i.e. duine a bhfuil pas/nó teastas breithe AE aige nó aici) a bhfuil gnáthchónaí* air nó uirthi i mballstát de chuid an AE le trí bliana ar a laghad de na cúig bliana sular dtosaíonn sé/sí ar an gcúrsa tríú leibhéal.
* ní áirítear cónaí chun críocha oideachais le ’gnáthchónaí’.Lacáiste cánach
Tugann na Coimisinéirí Ioncaim faoiseamh cánach do tháillí teagaisc ar chúrsaí iarchéime áirithe, má bhí ort na táillí teagaisc iomlána a íoc. Má fhaigheann tú faoiseamh cánach, ní bheidh ort an táille iomlán a íoc.
Éarlais
Chun áit ar iarchéim teagaisc in OÉ Gaillimh a chinntiú caithfear éarlais a íoc nuair a ghlacfar le tairiscint. Éarlais €500 a bhíonn i gceist go hiondúil ach d’fhéadfadh €1,000 a bheith i gceist i roinnt cásanna. Baintear an éarlais as táillí do chúrsa nuair a chláraíonn tú, mar sin is páirtíocaíocht é i ndáiríre ar tháillí do chúrsa.
Mura dtógann tú an áit ar ghlac tú léi, ní bhfaighidh tú an éarlais seo ar ais. Aisíocfar é, áfach, mura gcomhlíonann tú coinníollacha na tairisceana (más tairiscint choinníollach a fhaigheann tú).
Costas maireachtála (seachas táillí teagaisc)
Faigh amach faoin gcostas maireachtála i nGaillimh
Rialacháin Táillí
Aisíocaíochtaí
Féadfaidh OÉ Gaillimh táillí a aisíoc i gcásanna áirithe:
Ar chúiseanna sláinte:
Déan d’éileamh, ina mbeidh cuntas ar an gcás ina bhfuil tú, i scríbhinn, agus seol cruthúnas leighis chuig Colette Gill, Bainisteoir Oifig na dTáillí, Oifig na dTáillí, Áras Uí Chathail, OÉ Gaillimh.
Seolfar d’achomharc chuig an Stiúrthóir Cuntasaíochta Airgeadais, agus féadfaidh seisean laghdú suas le 50% a dhéanamh ar na táillí ag brath ar an bhfianaise leighis a cuireadh ar fáil.
Maireann an próiseas éilimh idir ceithre seachtaine agus sé seachtaine.
Ar chúiseanna cruatain airgeadais:
Más mian leat iarratas a dhéanamh ar na táillí a íoc ina ngálaí, ar tháillí a aistriú ó 2008/09 go 2010/11 nó ar do tháillí a laghdú, ba cheart duit scríobh chuig an gCoiste um Iasachtaí & Táillí Mac Léinn a dhéanann scrúdú ar chruatan airgeadais na mac léinn cláraithe.
Cuir cruthúnas ar fáil de d’éileamh (bunchóipeanna de ráitis bainc, de bhillí tí, d’admhálacha cíosa etc.) agus liosta den ioncam agus den chaiteachas atá agat mar aon le litir ina bhfuil cuntas ar d’éileamh.
Le clárú don bhliain acadúil 2010/2011, caithfidh tú íosíocaíocht de 50% de do tháillí iomlána a dhéanamh, mar aon le hiarratas scríofa agus plean íocaíochta molta.
Seol an comhfhreagras chuig Colette Gill, Bainisteoir Oifig na dTáillí, Oifig na dTáillí, Áras Uí Chathail, OÉ Gaillimh.
Tagann an Coiste um Tháillí & Iasachtaí na Mac Léinn le chéile faoi thrí sa bhliain – idir lár agus deireadh mhí Dheireadh Fómhair 2010, lár mhí Feabhra 2010 agus Aibreán 2010.
Sealbhóirí deontais/scoláireachta
Féadfaidh sealbhóirí deontais/scoláireachta a bheith i dteideal aisíocaíochta ar an méid seo a leanas:
- an chéad ghála de na táillí a íocadh leis an CAO nó le OÉ Gaillimh,
- éarlais do chúrsa nó
- táillí nach táillí teagaisc iad.
Ní dhéanfar an t-aisíoc go dtí go mbeidh na riachtanais chláraithe ar fad comhlíonta agus/nó go mbeidh an táille iomlán faighte ag an Ollscoil ón údarás atá ag cur an deontais nó na scoláireachta ar fáil.
Ach má d’íoc tú éarlais ar chúrsa in OÉ Gaillimh ach nár chláraigh tú ar an gcúrsa sin, níl tú i dteideal aisíocaíochta.Eolas faoin mBanc
Tá cuntas bainc ag Oifig na dTáillí ag:
Banc na hÉireann,
43, An Fhaiche Mhór,
Gaillimh,
Éire.
Íocaíochtaí le gíoró
Ba cheart go ndéanfaí íocaíochtaí táillí le gíoró bainc Oifig na dTáillí a thugtar do na mic léinn ar fad sula gcláraíonn siad.
Mura n-úsáideann tú ár ngíoró bainc d’fhéadfadh sé nach ndéanfaí d’íocaíocht a chur i do chuntas mic léinn.Íocaíochtaí ar líne
Is féidir do chuid táillí a íoc ar líne chomh maith trí SSR (Clárú Féinseirbhíse) le Cárta Dochair/Creidmheasa.
Le clárú ar líne, beidh siad seo a leanas de dhíth ort:
- D’uimhir mic léinn (ID Úsáideora)
- Do phasfhocal
- Leagan leictreonach de ghrianghraf díot féin ar féidir é a uaslódáil (i gcás mac léinn nua amháin)
Más mac léinn tú atá ag filleadh, cuirfear pasfhocal sealadach chuig do chuntas ríomhphoist OÉ Gaillimh.
Más mac léinn nua tú, tá pasfhocal sealadach sa Lámhleabhar Cláraithe do Mhic Léinn Chéadbhliana, 2010-2011.
Mic Léinn Idirnáisiúnta
Ba cheart an íocaíocht a dhéanamh leis an gcuntas bainc seo a leanas. Luaigh d’uimhir aitheantais mic léinn (ina bhfuil ocht ndigit) i ngach idirbheart.
Banc na hÉireann
43 An Fhaiche Mhór
Gaillimh
Éire
Uimhir Chuntais 28454143
Ainm an Chuntais: Ollscoil na hÉireann, Gaillimh
IBAN: IE43 BOFI 9038 1628 4541 43
Cód Sórtála: 90-38-16
Cód Swift: BofIIE2D
Nósanna Imeachta Cealaithe
Má fhágann tú OÉ Gaillimh
Má tá tú ag éirí as do chúrsa agus ag iarraidh do chlárúchán in OÉ Gaillimh a chur ar ceal, caithfidh tú teagmháil a dhéanamh leis an Oifig Iontrála agus an ’fhoirm um chlárú a chealú' a líonadh.
Mura n-íoctar táillí
Mura mbeidh gach íocaíocht, táillí agus pionóis san áireamh, déanta faoin 31 Eanáir 2011, cuirfear do chlárúchán agus d’iontráil scrúdaithe ar ceal.
Scéim Lamháltais na Foirne
Cuireann OÉ Gaillimh lamháltais ar fáil do chomhaltaí foirne agus dá gclann ar mian leo leanúint lena gcuid oideachais. Bíonn na lamháltais seo ag brath ar choinníollacha éagsúla; is féidir amharc ar na coinníollacha seo sa Bheartas um Lamháltas Táillí na Foirne.
Táillí an Oideachais Aosaigh agus Leanúnaigh
Baineann na táillí thíos leis na cláir Oideachais Aosaigh agus Leanúnaigh in OÉ Gaillimh.
Táillí cúrsaí Oideachais Aosaigh agus Leanúnaigh 2010/2011
Mic léinn AE
Is é an sainmhíniú a thugtar ar mhac léinn AE náisiúnach AE (i.e. duine a bhfuil pas/nó teastas breithe AE aige nó aici) a bhfuil gnáthchónaí* air nó uirthi i mballstát de chuid an AE le trí bliana ar a laghad as na cúig bliana sular dtosaíonn sé/sí ar an gcúrsa tríú leibhéal.
* ní áirítear cónaí chun críocha oideachais i mbrí ’gnáthchónaí’
Lacáiste cánach
Cuireann na Coimisinéirí Ioncaim faoiseamh cánach ar fáil do tháillí teagaisc ar chúrsaí iarchéime áirithe, má bhí ort na táillí teagaisc ar fad a íoc. Má fhaigheann tú faoiseamh cánach, ní bheidh ort an táille iomlán a íoc.
Costas maireachtála (seachas táillí teagaisc)
Faigh amach faoin gcostas maireachtála i nGaillimh
Rialacháin Táillí
Aisíocaíochtaí
Féadfaidh OÉ Gaillimh táillí a aisíoc i gcásanna áirithe:
Ar chúiseanna sláinte:
Déan d’éileamh, ina mbeidh cuntas ar an gcás ina bhfuil tú, i scríbhinn, agus seol cruthúnas leighis chuig Colette Gill, Bainisteoir Oifig na dTáillí, Oifig na dTáillí, Áras Uí Chathail, OÉ Gaillimh.
Seolfar d’achomharc chuig an Stiúrthóir Cuntasaíochta Airgeadais, agus féadfaidh seisean laghdú suas le 50% a dhéanamh ar na táillí ag brath ar an bhfianaise leighis a cuireadh ar fáil.
Maireann an próiseas éilimh idir ceithre seachtaine agus sé seachtaine.
Ar chúiseanna cruatain airgeadais:
Más mian leat iarratas a dhéanamh ar na táillí a íoc ina ngálaí, ar tháillí a aistriú ó 2008/09 go 2010/11 nó ar do tháillí a laghdú, ba cheart duit scríobh chuig an gCoiste um Iasachtaí & Táillí Mac Léinn a dhéanann scrúdú ar chruatan airgeadais na mac léinn cláraithe.
Cuir cruthúnas ar fáil de d’éileamh (bunchóipeanna de ráitis bainc, de bhillí tí, d’admhálacha cíosa etc.) agus liosta den ioncam agus den chaiteachas atá agat mar aon le litir ina bhfuil cuntas ar d’éileamh.
Le clárú don bhliain acadúil 2010/2011, caithfidh tú íosíocaíocht de 50% de do tháillí iomlána a dhéanamh, mar aon le hiarratas scríofa agus plean íocaíochta molta.
Seol an comhfhreagras chuig Colette Gill, Bainisteoir Oifig na dTáillí, Oifig na dTáillí, Áras Uí Chathail, OÉ Gaillimh.
Tagann an Coiste um Tháillí & Iasachtaí na Mac Léinn le chéile faoi thrí sa bhliain – idir lár agus deireadh mhí Dheireadh Fómhair 2010, lár mhí Feabhra 2010 agus Aibreán 2010.
Sealbhóirí deontais/scoláireachta
Féadfaidh sealbhóirí deontais/scoláireachta a bheith i dteideal aisíocaíochta ar an méid seo a leanas:
- an chéad ghála de na táillí a íocadh leis an CAO nó le OÉ Gaillimh,
- éarlais do chúrsa nó
- táillí nach táillí teagaisc iad.
Ní dhéanfar an t-aisíoc go dtí go mbeidh na riachtanais chláraithe ar fad comhlíonta agus/nó go mbeidh an táille iomlán faighte ag an Ollscoil ón údarás atá ag cur an deontais nó na scoláireachta ar fáil.
Ach má d’íoc tú éarlais ar chúrsa in OÉ Gaillimh ach nár chláraigh tú ar an gcúrsa sin, níl tú i dteideal aisíocaíochta.Eolas faoin mBanc
Tá cuntas bainc ag Oifig na dTáillí ag:
Banc na hÉireann,
43, An Fhaiche Mhór,
Gaillimh,
Éire.
Íocaíochtaí le gíoró
Ba cheart go ndéanfaí íocaíochtaí táillí le gíoró bainc Oifig na dTáillí a thugtar do na mic léinn ar fad sula gcláraíonn siad.
Mura n-úsáideann tú ár ngíoró bainc d’fhéadfadh sé nach ndéanfaí d’íocaíocht a chur i do chuntas mic léinn.Íocaíochtaí ar líne
Is féidir do chuid táillí a íoc ar líne chomh maith trí SSR (Clárú Féinseirbhíse) le Cárta Dochair/Creidmheasa.
Le clárú ar líne, beidh siad seo a leanas de dhíth ort:
- D’uimhir mic léinn (ID Úsáideora)
- Do phasfhocal
- Leagan leictreonach de ghrianghraf díot féin ar féidir é a uaslódáil (i gcás mac léinn nua amháin)
Más mac léinn tú atá ag filleadh, cuirfear pasfhocal sealadach chuig do chuntas ríomhphoist OÉ Gaillimh.
Más mac léinn nua tú, tá pasfhocal sealadach sa Lámhleabhar Cláraithe do Mhic Léinn Chéadbhliana, 2010-2011.
Mic Léinn Idirnáisiúnta
Ba cheart an íocaíocht a dhéanamh leis an gcuntas bainc seo a leanas. Luaigh d’uimhir aitheantais mic léinn (ina bhfuil ocht ndigit) i ngach idirbheart.
Banc na hÉireann
43 An Fhaiche Mhór
Gaillimh
Éire
Uimhir Chuntais 28454143
Ainm an Chuntais: Ollscoil na hÉireann, Gaillimh
IBAN: IE43 BOFI 9038 1628 4541 43
Cód Sórtála: 90-38-16
Cód Swift: BofIIE2D
Nósanna Imeachta Cealaithe
Má fhágann tú OÉ Gaillimh
Má tá tú ag éirí as do chúrsa agus ag iarraidh do chlárúchán in OÉ Gaillimh a chur ar ceal, caithfidh tú teagmháil a dhéanamh leis an Oifig Iontrála agus an ’fhoirm um chlárú a chealú' a líonadh.
Mura n-íoctar táillí
Mura mbeidh gach íocaíocht, táillí agus pionóis san áireamh, déanta faoin 31 Eanáir 2011, cuirfear do chlárúchán agus d’iontráil scrúdaithe ar ceal.
Scéim Lamháltais na Foirne
Cuireann OÉ Gaillimh lamháltais ar fáil do chomhaltaí foirne agus dá gclann ar mian leo leanúint lena gcuid oideachais. Bíonn na lamháltais seo ag brath ar choinníollacha éagsúla; is féidir amharc ar na coinníollacha seo sa Bheartas um Lamháltas Táillí na Foirne.
Táillí a Bhaineann le Cúrsaí
In OÉ Gaillimh, tá táillí éagsúla ann a bhaineann le cúrsaí a bhféadfadh sé go mbeadh ort iad a íoc, mar aon le buntáille do chúrsa.
Táillí scrúduithe
Bíonn táillí scrúduithe san áireamh i dtáillí iomlána do chúrsa, seachas táillí scrúdú PhD. Má bhíonn ort scrúduithe a athshuí, áfach, beidh táille i gceist.
Táillí athscrúduithe
€200 an táille atá i gceist d’athscrúduithe an tsamhraidh/an gheimhridh 2010/2011, beag beann ar an líon scrúduithe is gá a athshuí.
Mic léinn atá ag athdhéanamh bliana
Má tá tú ag athdhéanamh bliana de do chúrsa, caithfidh tú na táillí iomlána a íoc.
Táillí Athdhéanta AE – Gach Disciplín: €1,600 atá iníoctha ina n-iomláine, sula gcláraíonn tú i mí Mheán Fómhair 2010.
Táillí Athdhéanta NEAMH-AE – Gach Disciplín: €4,025 atá iníoctha ina n-iomláine, sula gcláraíonn tú i Meán Fómhair 2010.
Pionós as moill a bheith ar íocaíocht
Beidh ort táille phionóis a íoc mura n-íocann tú do chuid táillí faoin 31 Deireadh Fómhair 2011.
€200 atá sa táille phionóis seo, mura bhfuil an chéad sciar de na táillí (nó an táille iomlán, má tá tú ag íoc na táille neamhtheagaisc) díolta agat roimh an dáta oifigiúil cláraithe atá agat.
Beidh ort táille phionóis €200 eile a dhíol mura mbeidh an dara sciar de na táillí díolta faoin 8 Eanáir 2011.
Pionós as moill a bheith ort ag clárú
Mura mbeidh tú cláraithe faoin dáta cláraithe cuí, beidh ort táille phionóis a íoc as moill a bheith ort ag clárú, chomh maith le pionós as moill a bheith ar an íocaíocht.
€200 atá sa táille phionóis agus ní mó í a íoc sular féidir dul ar aghaidh leis an gclárú.
Faoiseamh cánach
Tá faoiseamh cánach le fáil ó na Coimisinéirí Ioncaim as táillí teagaisc ar chúrsaí áirithe tríú leibhéal, má bhí ort na táillí teagaisc ar fad a íoc. Seo a leanas na critéir cháilitheachta:
- Caithfidh tú a bheith i do mhac léinn fochéime, ar chúrsa páirtaimseartha nó ar chúrsa lánaimseartha a mhairfidh dhá bhliain ar a laghad.
- Caithfidh tú a bheith i do mhac léinn iarchéime, ar chúrsa páirtaimseartha nó ar chúrsa lánaimseartha a mhairfidh bliain ar a laghad
