Tá áthas orainn a bheith in ann turas ar ár gcampas álainn cois abhann ar chósta thiar na hÉireann a thairiscint duit.   

Treoróidh ár bhfoireann ambasadóirí mac léinn thú ar thuras siúil timpeall OÉ Gaillimh leis na háiseanna campais, suíomhanna na bhfoirgneamh acadúil agus seirbhísí na mac léinn a fheiceáil agus blaiseadh a fháil ar shaol na mac léinn in OÉ Gaillimh. Ar an turas ar an gcampas beidh tú in ann foghlaim faoi stair na hollscoile agus níos tábhachtaí fós labhairt lenár n-ambasadóirí mac léinn faoina dtaithí ar staidéar in OÉ Gaillimh. 

  • Más mian leat turas ar an gcampas a chur in áirithe líon an fhoirm áirithinte atá ar fáil anseo.
  • Bíonn turais threoraithe ar an gcampas ar siúl gach Satharn ag 11am, 1pm agus 3pm.
  • Mairfidh turas ar an gcampas thart ar 40 nóiméad, le 20 nóiméad sa bhreis ag an deireadh ionas go mbeidh tú in ann labhairt lenár n-ambasadóirí mac léinn agus ceist ar bith a chur orthu.
  • Tá sé riachtanach áit a chur in áirithe  (48 uair an chloig roimh ré, ar a laghad).
  • Níl ach méid áirithe spásanna páirceála ‘Íoc & Taispeáin’ ar an gcampas. Cuirfear níos mó sonraí ar aghaidh chuig na daoine a chuireann áiteanna in áirithe ar thuras.

Má ritheann ceist ar bith eile leat faoi na turais ar an gcampas, ná bíodh drogall ort teagmháil a dhéanamh linn campustours@nuigalway.ie.